School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 91
- XML “Scéal - An Tairneach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear-uasal ann fad ó shoin agus ní rabh aige acht aon-mhac. Bhí an gasúr seo go h-án-cúramach ar fad aige nuair nach rabh aige acht é.
Lá amhain d’innis na saoi do go rabh án táirneach lé theacht agus go mairbhfidh a mhac leis. Nuair a chualaidh an t-áthair seo rinne sé suas a intinn go sábhalochadh sé é.
Bhí cnoc mór shuas I gcúl an tíghe agus fuair sé uaigh mór bainte istigh I lár an cnuic agus bhí súil aige an ghasúr a chuir isteach annseo nuair a thiocfadh an tairneach agus go mbéadh sé sábhailte.
Thainig an lá agus d’iarr an t-áthair ar an ghasúr ghabhail isteach san uaigh seo go rabh án-táirneach lé theacht agus go mbéadh sé sábhailte. Acht fad na coise ní ráchadh an gasúr isteach dúbhairt sé ma bhí sé lé márbhadh go rabh seisean sásta dé Tóil Dé.
D’imtigh sé agus luigh amuigh ar léuna agus thuit se ‘na chodhladh. Thainig an táirneach agus bhí sé mádramhail. Thuit splannc i mbéul na h-uaighe agus thuit an dara cionn agus líonadh an uaigh lé clocha agus créafóig. Aon duine a bhéadh istigh ann bhéadh siad plúchta agus brúidhte.
Sa deireadh bhí sé thart, d’éirigh an t-áthair amách lé corp an ghasúir a chuartughadh na bhí sé cinnte go rabh sé márbh. Ní rabh dádaí dé, fuair sé na codhladh ar an léuna é, codlaidh sé fríd a t-iomlan agus níor mhothuigh sé dadaí.- Collector
- Séarlus Óg Mac Giolla Easpuig
- Gender
- Male
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal
- Informant
- Séarlus Mac Giolla Easpuig
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal