School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)VI
Maighdean chiúin chéilidh
Bheith as réidteach anuas do chinn
Gur thug mé mo grádh go leir duit
Is dona d’éag tú le na linn.
VII
Da bhfeicfeadh sibh an tsráid seo,
‘gus í lán de na fearaibh
Bhí siad as gach ceárn ann,
A’s iad ag caint ar an bhaineis.
VIII
Bhí fideal ós cionn cláir ann.
Bhí ‘n chláirseach a’s í ag seinim
Bhí go leor do na mná mánla ann,
le mo ghrádh-sa a chuir a chodladh.
IX
Da mbéinnse ag an leic udaí
Ar fhág sibh dén tanam
Shín finn mo thaobh chlí
Ar an taobh dheas de’n charraic.
X
Shínfinn mo bhéilín tlaith
Le na bhéilín deas meala.
‘S nuair a shílmid a bheith ar bpósadh
B’ ar an torramh a bhí’n bhaineis.Amhran a thug mé síos ó Eiblín - no Nellie Bheag - Bean Mhíc Chonaill. Chan fhuil sí cinnte an bhfuil sé ag teach indiaidh a cheile mar cumadh é ar dtús. Tá sí den bharamhail gur cheart an da alt dheiteannach (IX agus X) a bheith i lár an amhrain.- Collector
- Séamus Mac Grianna
- Gender
- Male
- Informant
- Eibhlín Bean Mhic Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- Leac Chonaill, Co. Donegal