School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leac Chonaill
- XML Page 341
- XML “Ceithre Críocha Deireanacha an Duine - Bás, Breithiúnas, Ifreann agus Flaithis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ceithre Críocha Deireeannocha an Duine: - Bás, Breithreamhnas Ifreann agus flatheis.I. An BásA dhuine bhoicht smaonigh ar do chríocha deireannacha
Na caith do shaoghal le baois nó le bréig
Ma tá tú lán slainnte, ailne agus sgéimhe
Ma shíleann tú gur aoibhinn, cuimhnigh gur baoghalach
smaoinigh gur as créafoig a rinneadh tú
agus gur créafog duit a dhéanfar
Cé gur mór do chuid óir agus d'éirfeachta
Do mhaith, do siopaí, do chaiple, do chaoraigh, d'éaerhaigh, do chóisdí, do chótaí daora,
do leapthacha árda, do bhraithlineacha glé geala,
Do shíota ag cur maise ar do chuid éadargh
Do chócaire a thoitruí gach méis dhuit
Do mhuinntear ag cruinnuí ar gach taobh duit
un rinnce, un damhsa, agus 'um pléisiúra
Is maith sin go dtarraidh an lá a shíntear san uaig tú
ach béidh sé an lá sin na sgáile gan éifeacht
Do mhuinntear, bheirfidh siad cúl go léir ort
An uair sin a fhúigtear san uaig tú.
Nuair a dhruidtear an uargh ort nach truaigh tusa
an uaigh dhuth dhoracha agus ualach den chré ort
Béidh tú ag fuaradh in do ghuailneacha agus in do ghéaga
an fholt ghruaige a bhí anuas leat na péarlaí
Béidh sí cuachta fa do ghailneacha gan réidhteach
Do ghnúis, do mhalaidhearcha do leicreacha bhí glégeal(continues on next page)- Collector
- Séamus B. Mac Grianna
- Gender
- Male
- Informant
- Paidí na Pingine