School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mullanmore
- XML Page 223
- XML “Scéal”
- XML “Scéal an Chócaire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé iad bhí siad aige aríst. Bhí sé mar sin feadh sé mhí. (?) ánaigh eagla air sa deireadh agus chuaidh sé fhad leis an t-sagart. D'iarr an sagart air ghabhail síos go bruach na farraige agus an t-airgead a chaitheadh amach fhad agus thiocfadh leis. Rinne sé seo agus ní fhaca sé na cúíg sgillinge níos mó.Áine Nic Diarmada
Corr na nGriollach
Na Gleanntaí - Bhí bean ann aon uair amháin agus bhí cócaire aicí. Lá amháin dubhairt sí leis an chócaire. "Ros trí phunnta na feola atá istoigh indiu fá choinne an dinnéara." Thoisigh an cócaire da dheanadh sin. Is cosamhail nar choimhead an chócaire a ghnoithe mar leig sí d'on fhéoil doghadh. Annsin ní rabh fhios aicí caidé a bhí le deanamh aicí agus chaith sí an fheoil amach ar an dóras.
D'imthigh sí agus dubhairt sí leis an mhaighstreas. "D'ith an cat an fheoil" Fuair an maighistreas greim ar an chat agus thomhais sí é, agus caidé an trom a bhí ins an chat acht trí phunnta. "Anois" a deir sí seo an fheoil acht ca bhfuil an cat. Ní rabh dadaidh le radh ag an chócaire annsin mar d'aithnigh an mhaighistreas go rabh sí ag innse bréige duithe.Bríghid Ní Bhaoill
Mullán Mór, Na Gleanntaí.- Informant
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- An Mullán Mór, Co. Donegal