School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí gasúr beag ag buachailleacht ar thaobh an bhealaigh mhóír lá amháin. Tháinig an Sagart thart. Chuir sé ceist air an raibh sé abalta é fhéin a choisreachadh. Dubhairt an gasúr nach raibh.
"Máigh ó tá sin corr," arsa'n Sagart. D'fhoghluim sé annsin do an dóigh le é fhéin a choisreachadh agus chun go mbeadh sé abalta cuimhneamh air dubhairt sé leis a chur i gcás gurab í fhéin an bhó bhán an t-Athair, agus gurab í an bhó dhubh an Mac agus gurab í an bhó dhonn an Spiorad Naomh. "Imthigh leat anois" a dubhairt sé "agus muna mbeidh fhios agat sin amáireach muirbhfidh mé thú." Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Nuair a bhí an gasúr ag cur abhaile an eallaigh sa tráthnóna thoisigh siad ag troid ag an gcafta. Thoisigh an bhó dhubh agus an bhó dhonn ag troid. Chuidigh an bhó bhán leis an bhó dhubh agus chaith siad na h-adharc de'n bhó dhonn. Lá thar na bhárach tháinig an sagart thart arís.
D'fhiafruigh sé de'n ghasúr an rabh sé abalta é fhéin a choisreachadh indiu. "O a Athair" arsa seisean "bhí an-ghreann annseo inde. Thoisigh an Mac agus an Spiorad Naomh ag troid, ghlac an t-Athair páirt ann. Chuidigh an t-Athair leis an Mhac agus eatortha chaith siad na h-adharca den Spiorad Naomh.Pádraig Ó Gallchobhair, Srath Salach, Na Gleanntaí.- Informant
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- An Srath Salach, Co. Donegal