School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mullanmore
- XML Page 252
- XML “Seanphisreogaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhíos na bric ag leimnigh s'an uisge sin comhartha fearthainne.
Nuair a bhíos plód cuileogaí ag an fhuinneóg sin comhartha fearthainne fosta.
Nuair a bhíos na cuileogaí ag dul thart ar mhullach poill uisge sin comhartha fearthainne.
Nuair a bhíos an-rud mioltóg san aer sin comhartha fearthainne fosta.
Nuair a bhíos cuid mhór seanfáin eiteogach ar an bhealach mhór sin comhartha fearthainne, ach corr uair tig siad le aimsear Má thig spideóg isteach go teach agus guan é na chleachtadh aicí deirtear go fuigh duine éigin bás sa teach sin go fóill.
Má tchíd duine dhá snag-bhreac ar maidin sin comhartha mí-adha.
Má tchíd duine dhá snag-bhreac sin comhartha ádha.
Níl áird ag duine ar bith ar an dreoilán no nuair a bhí ar Slánuightheoir ag dul go Egypt agus nuair a bhí na saighdiuirí da chuartughadh bhí an dreolán arthaobh an bhealaigh mhóir agus d'fhiacfruigh siad do na daoine a'n bhfacaidh siad ar Slánuightheoir.