School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé an lín thart fa dtaobh dé fhéin. Bhí sé a brath fanacht san chléibh go bhfeiceadh sé solas an lae fa dheireadh tháinig fear agus bean isteach agus cuma ortha go rabh an deifre ortha. "Tóg an cliabh seo orm go gasta arsan fear leis an bhean" no is goirid go mbeidh an lá ann. 'Sé an rud a bhí go rabh an fear agus an bhean ag goid an lín. Thug sise iarraidh an cliabh a thogailt acht ní rabh sé abalta gaoth an talaimh a chur faoi. "Tá rud eiginnteacht aistidheacht san chliabh, caithidh sé gur a b'é an diabhal atá ann." Seo, seo, stad do chuid amaidigh agus chaith orm an cliabh go gasta. Thóg sé an cliabh air le streachaikt mhór agus d'imthigh leo tríd na pairceannaí go dtainig siad fhad le abhainn mhór a bhí ann. Arsa seisean leis an bhean "sinan cliabh lín is truime a d'iomair mé ariamh." Thug sé iarraidh dul teasna na h-abhna agus nuair a bhí sé ag chur a chos air chloich mhór a bhí amuigh san uisge, d'imthigh an t-iichtar as an chliabh agus thuit an gasúr amach ins an abhainn. "Nar dubhairt mé leat" arsan bhean "go rabh an diabhal san chliabh nuair a chonnaic sé an gasúr a rachaidh síos an pháirc. D'imthigh an gasúr leis agus nuair a bhí an lá ag glanadh bhí sé ag tarraingt comhgarach do Bhaile-na-Finn bhog sé leis na bhaile arais agus ní dheachaidh sé go Tír Eoghain ón lá sin go dtí an lá indiu.(Bríghid Ní Bhaoighil, Mullán Mór, Na Gleanntaí)
- Informant
- Bríghid Ní Bhaoighil
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- An Mullán Mór, Co. Donegal