School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 006
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Bhí an fear seo ina chomhnuidhe i gceann loch Fínne agus an t’ainm a bhí air Leithghin.
Is úaidh a fúair Gleann Léithghin a ainm agus is uaidh a fúair Crúach Léithghin a ainm, sín cnuc mór ata ar an taoibh eile de abhann an Ghaoith Béarra. Lá amháin thug sé léim gó mullach ná Sgréige agus d’iomchar sé an chloch a ba mhó ar an Sgréig ar a dhruim gur fhág sé í mullach cnuc ná Stúalaide. Thug sé an chloch a ba-mhó ar chnuc na Stúalaide léis annsin gur fhág se í i mullach Shliabh Sneachta. Annsin thug sé léim gó Dún Lúaithe. Thionntuigh sé thárt agus thug sé an chloch a ba mhó ar chnuc na n’Agállaí leis ar a dhruim agus ní dhean sé sgríste gur fhág sé í í Mín ná Toitín. Annsin phill sé ar an bhaile agus thainig sé thárt na cásaidheacha. Deirtear fhosta gurab é na lorgneacha a dfhág sé le ná shála ins an áit a thug an t’ainm do’n bhealach-mór sin. “Na Cásaidheacha.
Cúaidh se na bhaile annsin agus é lag leis an ocras, indhiaidh an obair sin uilig a dheanamh í lá amhain.
2. Bhí an fear seo eile ina chomhnuidhe thiar i n’Doire-Leacht(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Duibheannaigh
- Gender
- Female
- Address
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal