School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn an ghaoth ag athrughadh achan bhealach nuair a bhíonn sé ag gabhail a chur flineacht bíonn an ghaoth anoir.
Bíonn suithce ag tuitim.
Bíonn séidead anuas san t-simlear.
Bíonn nealtaí móra dubha ag snamh fríd an spéar.
Nuair a bhionn se ag gabhail a shioc bíonn na realtógaí ar mire san spéir.
Bíonn an gaoth ag feadalaigh i bpoll na h-ochrach
Bíonn na carrraigeachta ag lonnradh
Bíonn ceo ar na cnuic agus iad an-chomhgarach duid dar leat.
Bíonn an gealach leath baidhte agus fáinn mhór thart uirthi.
Bíonn cubhar bán leis an lán-mhara
Bhíon an madadh ag ithe féir.
Bíonn an cat ag sgríobadh adhmuid
Bíonn na faoileogaí ag sgreadaigh
Bíonn an fiach-dubh ag iasgairracht.
Bíonn an challan ag na criogar (crickets)
Bíonn na lachainn ag déanamh gaoithe.
Bíonn na geacha fiadhaine ag caoineadh agus ag editeall chomhair a bheith os cionn na dthoighthe.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Theachláin
- Gender
- Female
- Address
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal