School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 026
- XML “Arán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I bhfad o shoin, sé an doigh a ghnathach lé na daoiní aran a dheanamh. Ar dtús chuirfidhe bordaí ar leath chruach choirce isteach cun an stábla, annsin bhúalfidhe é lé súiste. Na dhiaidh sin cháithfidhe é - sé sin é a thabairt amach lá gaoithe ach gan barraidheacht gaoithe a bheith ann gó díreach sgurradh beag a cháithfeadh é.
Spréichfidh éadach (an) ar an talamh, agus léigfidh an coirce ar shiubhal leis an ghaoith. Annsin thuitfeadh an t’arbhar ar an éadach agus d’imtheochadh an chuid eadtrom dé - an cáif, leis an ghaoith, annsin bhí an coirce cáithce. Na dhiaidh sin thiormeochaidhe é leis an teinidh, nuair a bheadh sé tirim gó maith annsin chuirfidhe isteach eadar dha cloich bhróna e. Bheadh ceann ag bun, faoi’n choirce agus ceann eile na mhullach, an ceann a bheadh na mhullach, bhiodh laimh uirthí fa-choinne cia bith a bheadh ag deanamh na míne, greim a fhaghail uirthí lé ná cásadh thart i mullach an choirce. Lé na chois sin bheadh mála mór coirce ag na thaobh agus féar éile annsin fosta ag caitheamh isteach an choirce s’na poill a bhí déanta ins na clocha bróna fa-choinne na h-ocaide sin. Nuair a bheadh an méid sin(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Duibheannaigh
- Gender
- Female
- Address
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal