School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 046
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Micheal Chordain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé as.
- 2. Micheal Chordain.
Bá é sin fear as Conndae Ciarraidhe a bhiodh ag gabail frid Doire-Leac-Connaill tuaraim is leith-chead bliadhain o shoin. Bhí neart Gaedhilge aige agus Bearla fosta. Leigfeadh se air fhein go rabh se amaideach ach bá é sin an fear a bhí stuamda ceillidhe. Is iomdha teach i nDoire-Leac-Conaill ar chaith se oidhche ar loistín ann. Bhí se iongantach clisde agus dheanadh se ramas agus bfaiteadh na súl agus daithneochadh se ‘acha’n dhuine. Lá amhain tainic se go dtí’n bhaile seo. chuaidh se isteach i dteach. Bhí fear an toighe ar a urnaighe. Bhí se iongantach aosta agus bhí ceann liath air agus ars Miceal “Fear liath ag cainnt le Dia agus cinnte ní bheidh se olc fa’n Biadh”. Bá dheachar an creatúr a dhiultadh bí se ar loistin i dtoigh Bhriain Mac Riada an oidhche sin agus bhí seanchas mór aige fhein agus Cathal Mac Riada mac de Brian tá se ‘na sean dhuine anois agus dinnis se do gurab é an tighearna talamh a chuir as a seilbh é. Nuair a chualaidh an aos óg gó rabh se sa toigh seo chruinnigh siad isteach chuige agus dainmnigh se d’reir ceann as ceann iad.
Thainig comharsanach isteach Paddie Condai Bhain a bainm do. Nuair a thainig se isteach arsa Miceal “Paddie Chondaí Bhain an chead banbh a bhí ag an chrain”.(continues on next page)- Collector
- Anna Nic an t Seaclann
- Gender
- Female