School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 094
- XML “Paidreacha”
- XML “Ag Síneadh i do Leabaidh”
- XML “Ag Fágáil Tí an Phobail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Giuidhe na dtrí Muire dha uair roimh an lá
Ag an tomba cloiche an áit a sineadh a ngradh
Thainig an t-aingil le solus a saith
Le sgeal ionnus ar Mhuire fa nidh na ngradh
Peacach bocht mise chuaidh i dtreis ar Dhia
Le smaoitigh malluighthe agus le glorthaí béil
Cuirim mó dhuil i Muire as a aon mhac fein
Go bfuighidh mé na bFlaithis agus glór na naomh - Sínuighim me fhéin sa leabaidh seo ma shintear mé san uaigh
Ag deanamh m’faoiside le Dia anois go lá an luaidh
Ceithre coirneal ar mó leabaidh ceithre aingle go rabh sgaramhaint.
Dia ‘muigh a’s Dia ‘stoigh a’s Dia go rabh gach uile áit sa teach
Mhaighdhean Beannuighthe; ma thigh dadaidh orainn in ar gcodladh, musgail sin.
Aingle Dé dar gcumhdach agus an Mhaighdean Muire dar sabhail. - Guidhim thú a Mhuire a’s agraim tú Criosta
Conbhuigh m’anam go bpillfidh me ‘rist ort.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Duibheannaigh
- Gender
- Female
- Address
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal