School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 121
- XML “Cúram na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I bhfad ní chaithfeadh duine ar bith bróga óg nó aosta go dtí go saothrochadh siad a luach. Bheadh siad ar an sgoil fíor cor lá go mbeadh siad naoi mbliadhna. Annsin d'fhágadh siad an sgoil agus d'imtheochadh siad soir chun na Lagain agus chuirfeadh siad isteach seasúr annsin. Gheobhadh siad dhá phunnta san t-seasúr agus b'fhéidir níos lugha corr-uair. Ceanneochadh siad na bróga ar an Lagan agus bheadh siad ortha anoir. Ní bheadh na bróga an t-am sin ach cúig sgillinge.
Sé an cineál bróga a bheadh ionnta - rudaí móra (fada) árda, agus ní bheadh gléas céangailt ar bith ortha. Bheadh siad déanta de leathair ach amháin ins na taoibheanna - "lastic" a bheadh ins na taoibheanna san dóigh nach mbeadh a dhath le déanamh ach a gcosa a saitheadh isteach ionnta. Ní h-ionann an uair sin agsu anois tá bróga ortha anois sul a bhfágfaidhe siad an cliabhan.(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Duibheannaigh
- Gender
- Female
- Address
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Duibheannaigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 91
- Address
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal