School: Dooey (roll number 15657)
- Location:
- An Dumhaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Mac Amhlaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dooey
- XML Page 164
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann uair amhain agus bhí sé pósta agus bhí inghean amháin aige. Fuair a bhean bás agus posadh é arís. Bhí inghean eile aige annsin.”
(continued from previous page)dtug Sighle leithe sgian agus gur ghearr sí scadaman an pháiste. D’iarr sí ar an fear í a mharbhuigheadh. Níor mhaith leis an fhear sin a dheanamh. Thug sé leithe í go dtí crann mór agus phioc sé an dhá shúil aiste le sgian poca.
Chuir sé suas ar mhullach an crann í agus thug se ubhall mór duithe in a laimh. D’imthigh sé na bhaile annsin. Bhí dhá fhear ag dul thart an lá céadna agus bhí tart ortha. Bhí tobar fíor-uisge ag bun an chrainn agus thosaigh siad ag ól an t-uisge. Chonnaic siad sgáth an duine astoigh san uisge agus ní rabh fhios aca ca rabh sí. D’amharc fear aca suas ar an chrann agus chonnaic sé í. Chuaidh fear aca suas agus thug sé anuas í. Bhí truaigh mhór aca duithe.
Bhí buidéal draoidheachta i bpoca fear aca agus cuir sé braon beag isteach in achan súil agus tháinig na súile chuice arís. Thug na fir leobhtha í na bhaile. I ndiaidh tamall posadh í ar fear de na fearaibh a shabhail í. Bhí teach mór sclátaí aice. Bhí inghean aice agus bhí sí(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Mheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Raithnigh, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Mheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Raithnigh, Co. Donegal