School: Dooey (roll number 15657)
- Location:
- An Dumhaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Mac Amhlaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dooey
- XML Page 171
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí gasúr beag ann uair amháin agus bhí sé na chomhnaidhe ag a athair agus a mháthair. Bhí mórán caorach aca agus lá amháin chuaidh an t-athair chun aonaigh le cuid aca a dhíol.”
Bhí gasúr beag ann uair amháin agus bhí sé na chomhnaidhe ag a athair agus a mháthair. Bhí mórán caorach aca agus lá amháin chuaidh an t-athair chun aoniagh le cuid aca a dhíol.
Bhí madadh iongantach críonna aca agus ba ghnáthach leis a bheith ag dul acan áit leis an ghasúr acht thug an t-athair an madadh leis chun aonaigh an lá seo le na caorigh a thiomaint do. no is madadh caorach a bhí ann.
Bhí na ba amuigh ar an chnoc an lá ceadna agus d'iarr an mháthair ar an ghasúr a dhul amach fá na gcoinne. Bhí sé go measadhra mall nuair a bhí sé ar an chnoc. Bhí ceo mór ann agus chuaidh an gasúr ar seachran. Bhí sé ag siubhal leis féin agus ní rabh fíos aige cá rabh sé ag dul. San deireadh d'éirigh sé tuirseach ag siubhal agus shuidh sé síos.
Bhí a mháthair ag fanacht leis agus nuair nach rabh sé ag teacht bhí sgrannradh uirthi agus toisigh sí ag caoineadh. Nuair a tháinig an fear isteach d'innis an bhean do gur chuir sí an gasúr(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Mheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Raithnigh, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Mheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Raithnigh, Co. Donegal