School: Dooey (roll number 15657)
- Location:
- An Dumhaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Mac Amhlaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dooey
- XML Page 209
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Bhí gasúr beag ann uair amháin agus ní rabh teach ar bith aige. Bhí sé ag siubhal amuigh lá amháin agus chonnaic sé teach beag.”
Bhí gasúr beag ann uair amháin agus ní rabh teach ar bith aige. Bhí sé ag siubhal amuigh lá amháin agus chonnaic sé teach beag. Chuaidh sé isteach agus caide bhí ann acht bandraoi. D'fhiatruigh sí do an rabh maith ar bith ann ag buachailleacht eallaigh and dubhairt seisean go rabh. Bhí mórán eallaigh aice agus d'iarr sí ar an ghasúr iad a leigint amach.
Leig sé amach iad agus chuaidh sé síos na páirce leobhtha. Ní rabh sé ábalta iad a choingbhéal ar chuid talamh an bhandraoi ar chor ar bith. Nuair a tháinig sé isteach ag an oidhche dubhairt sí nach rabh maith ann acht go dthabhairteadh sí lá eile do. D'imthigh sé amach leis an eallach lá thar na bharach.
Ba mhaith leis an Bhandraoi an gasúr a mharbhadh. Bhí inghean ag an bhandraoi agus thionntuigh sí isteach go faoil.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Mheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Raithnigh, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Mheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Raithnigh, Co. Donegal