School: Dooey (roll number 15657)
- Location:
- An Dumhaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Mac Amhlaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dooey
- XML Page 230
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Bhí fear ann tá fada o shoin ar b'ainm do Seán O Baoghaill. Bhíodh sé achan oidhche ag airneál i dteach amháin.”
Sean Sgéal
Bhí fear ann tá fada o shoin ar b'ainm do Seán O'Baoghaill. Bhíodh sé achan oidhche ag airneál i dteach amháin. Oidhche fuar geimhreadh bhí mórán daoine ag airneál san seo. Sa deireadh thainig Seán isteach agus thoisigh an chomhradh eatortha. D'iarr siad ar seán sgéal a innse. Bhí mé amuigh i fastughadh i gco. Tír Eoghain. Trathnóna amháin d'imthigh me liom agus níor innis mé do duine ar bith. Ní raibh mé i bhfad amuigh nuair a tháinig an oidhche orm agus chuaidh mé ar seachran. Sa deireadh chonnaic mé solas beag i bhfad uaim. Chuaidh mé go dtí an solas beag agus bhí teach beag annsin. Bhí an t-urlár sguabtha go glan. Bhí sgaifte mór fear beag na shuidhe ag an teine, agus capall glas thíos i gcionn an tighe. Ní raibh mé i bhfad in mo shuidhe nuair a tháinig fear acu thall and dubhairt sé go dtiocfhadh le siadsan a imteacht. Dubhairt(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Gallachobhair
- Gender
- Female
- Address
- An Dumhaigh, Co. Donegal
- Informant
- Brigidh Ní Ghallachobhair
- Gender
- Female
- Age
- 72
- Address
- An Dumhaigh, Co. Donegal