School: Leitir Mhic an Bhaird (Robertson) (roll number 15283)
- Location:
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal
- Teacher: Nábla Nic Amhlaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gasraí Mhachaire Chlochair. Fad ó shoin bhí sean bhean in-a comhnuidhe thíos i ngaoth-dobhair. Ins a h-óige chaith sí an chuid is mo de na h-am ar an choigchric agus ar an ádhbhar sin bhí dornán airgid aici. Bhí cupla fáinne ar a méara fosta. Sa deireadh bhuail an bás í agus ba é an athchuinge dheireannach a d'iarr sí na fáinní a chur leithi 'na cille agus cuireadh. An oidhche indiaidh a cur chuala beirt ghasúr as Machaire a Chlochair fá na fáinní agus rinne siad amach a ghabhail na roillige agus na fáinní a bhaint de'n mharbhánach agus iad a dhíol. Ar siubhal leo agus bhain an roillig amach agus thóg an corp. Bhain siad na fáinní d'ithe agus mar a' gceadna braithlinigh gheal a bhí thart ar a corp. Chuir siad an corp araist agus suidhe i gcoirnéal na roillige. "Nár bhreágh an rud molt de chuid bhun-a leaca" arsa fear aca. "Ba bhreágh" arsa an fear eile. Rachaidh mise fá na choinne agus fan thusa annseo. D'imthigh duine aca fa choinne an Mhuilt agus shuidh an duine eile i gcoirnéal na roillige agus na braitlinigh fá dtaobh dó.
Bhí sean-sagart creapalta in-a chomhnuidhe ag taoibh na roillige agus bhí sean-chapall bán aige agus bhíodh(continues on next page)- Collector
- Nábla Nic Amhlaidhé
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Pádraig Ó Rabhartaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire na Slua, Co. Donegal