School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 124
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann fadó shoin ar b'ainm do Cormac. Nuair a fuair a athair agus a mhathair bás, ní rabh do ghleas beo aige ach sean ghearran bán.”
(continued from previous page)Phill sé arais go h-Éirinn. Tá Cormac ina fhear saidhbhir ón lá sin go dtí an lá indiú.
Nodlaig, 1935Scéal
“Bhí fear an Gallchobharagh i Loch an Iubhair fad ó shoin agus bhí sé fhéin agus a bean agus a theaghlach beo bocht.”
Gráinne bean Uí Dhomhnaill, Leitir Catha, an Clochan Liath, Tírchonaill a d'innis. Rugadh i Loch an Iubhair í agus is ann a chaith sí a saoghal gur pósadh í, nuair a thainig sí a chomhnuidhe go Leitir Catha. Tá sí 70 bliadhan d'aois anois. Chualaidh sí an scéal seo go minic ag na sean-daoine fa Loch an Iubhair.Sgéal
Bhí sin ann agus is fada ó bhí, dá mbéinn-sa anois mar bhí mé an uair sin bheadh sgéal úr no sean agam agus gan a bhéith olc fá dtaoibh de. Anois nach maith an pháirt de sgéal sin
Bhí fear an Gallchobharagh i Loch an Iubhair fad ó shoin agus bhí sé fhéin agus a bean agus a theaghlach beo bocht. Ní rabh aon beathach ceathair cosach fa'n teach ach an cat. Bhí aonach ar an Chlochan Liath agus oidhche an aonaigh nuair a bhí sé fhéin agus a theaghlach 'na suidhe fa'n teinidh thainig bó 'un dorais as í ag géimnigh. D'éirigh bean(continues on next page)- Informant
- Gráinne Bean Uí Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal