School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 138
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí beirt dearbhratharach ina gcomhnuidhe i gcuideachta a chéile aon uair amháin darbh' ainm Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Gach aon maidin maidin nuair a d'éirigheadh Murchadh Mór cuireadh sé Murcadh Beag amach 'un na coilleadh fá choinne gugán súgh-cr”
Brídig Ní Dhochartaigh, Gaoth Dobhair, Tírchonaill a d’innis. Feach leathanach 44ScéalBhí beirt dearbhratharach ina gcomhnuidhe i gcuideachta a chéile aon uair amháin darbh' ainm Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Gach aon maidin maidin nuair a d'éirigheadh Murchadh Mór cuireadh sé Murchadh Beag amach 'un na coilleadh fá choinne gugán súgh-craobh. Maidin amháin d’imthigh Murchadh beag ‘un na coilleach, bhain sé na sugh-chraobh agus thug aghaidh ar an bhaile. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar crann thainig cioth fearthanna agus chuaidh sé isteach faoi’n chrann ar fosgadh. Fhad is bhí sé faoi an crann smaoitigh sé go n-íosfadh sé ceann de na sugh-chraobh. D’ith sé ceann de na súgh-craobh agus shíl sé go rabh siad an-mhilis. Thoisigh sé agus níor stad sé gur ith sé an méid a bhí ins an ghugán. Thug sé an gugán ‘un an bhaile chuig Murchadh Mór. Beir an fear sin ar an ghugán agus ar seisean le Murchadh Beag, “An dara lá a thiocfas tú le gugán folamh chugam cuirfidh mé ‘un báis thú”
An dara maidin cuir sé Murchadh Beag amach arís agus nuair a bhí sé ag tarraingt ar an chrann thainig cioth fearthanna agus chuaidh sé isteach faoi’n chrann cheadna a rabh sé an lá roimhe sin. Thoisigh(continues on next page)- Informant
- Bríghid Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Age
- c. 60
- Address
- Gaoth Dobhair, Co. Donegal