School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)h-uile seort bidh. Rinne sé torman agus chruinnigh an bhean an biadh agus d’fhág istuigh i bprios é ag bun an urláir. Dubhairt sin annsin leis an fhear gur sin a fear-san ag teacht anois agus go mbfearr do dhul i bfolach. Chuir sí an fear isteach ins an chófra mhór a bhí ag bun an urláir. Thainig an fear fhad leis agus arsa seisean. “Suidh ‘s seo ort, cáide tá tú deánamh annsin?” “Tá mé ag iarraidh lóistín,” arsa Cathal Beag.
“Siubhail leat liom-sa,” arsa an fear, agus beirfidh mise lóistín duit.” Chuaidh an bheirt isteach agus d’fhág Cathal an mála faoi’n tábla Thug an bean poca bracháin cuca agus gugan báinne. Thoisigh siad a ithe. Nuair a bhí siad ag ithe chuir Cathal Beag a cos siar faoi’n tábla agus bhrúigh sé an mála agus rinne an croiceann torman gear. “Cáide suid?” arsa an fear.
“Sin rud atá liom-sa,” arsa Cathal, “a bíos ag ithe agus ag innse gach seort.”
Chuir Cathal siar a chos arís. Cáide deir sé anois?” arsa an fear. “Deir sé,” arsa Cathal go bhfuil an prios sin thíos lán de gach seort bidh.” “Má tá, arsa an fear ní bheidh,” Chuaidh sé síos go dtí an prios agus thug amach an bidh agus d’ith siad a sáith. Nuair a bhí siad réidh chuir Cathal siar a chos agus bhrúigh sé an mála.
“Cáide deir sé anois?” arsa an fear “Deir sé(continues on next page)- Informant
- Bríghid Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Gaoth Dobhair, Co. Donegal