School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 17
- XML “Iníon Mhic Suibhne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ingean Mhic SuibhneBhí fear ann am amháin dar b'ainm Mac Suibhne. Bhí ingean aige nach rabh a léithead ar dhruim an domhain. Ní bhfuigeadh fear ar bith le pósadh í acht an fear a rabh a meadhchon d'airgead aige. Bhí fir ag teacht as gach uile áit ag meadhchadh a gcuid airgid acht ní rabh faic de mhaith daobhtha ann.Bhí fear i mbarr Ghaoth -Bearra dar bh'ainm Labhras 'ach Ceallaigh. Níor shaoil a'n duine ariamh go rabh airgead aige. Chualaidh sé fa íngin Mhic Suibhne agus ghléas sé é fhéin maidin amháin, thug sé leis an t-airgead ar a dhruim agus d'imthigh leis. Chuaidh sé fhad le Mac Suibhne agus mheadhch a chuid airgid. Bhí meadhchan ingne Mhic Suibhne aige.Pósadh an bheirt acu agus chuaidh siad go Doire a chomhnuidhe. Bhí dóigh bhréagh ortha agus bhí siad a sáith ón tsaoghal. Lá amháin bhí Labhras na shuidhe síos ar Chuan Loch Suilge, agus chonnaic sé bád na chuain agus chuaidh sé 'un comhraidh leis an chaphtaoin. Nuair a bhí siad tamall ag comhradh dubhairt an captaoin go dtiocfadh sé leis bean Labhrais a bheith aige da mba mhaith leis é. Dubhairt Labhras da rachadh sé suas agus an fáinne a bhí ar mhéar a mhná a bhaint díthe ghan fhios, go dtabhairfeadh sé a chuid saidhbhris go h-uile dó.(continues on next page)
- Informant
- Tomas O Dubhthaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal