School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 18
- XML “Iníon Mhic Suibhne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh an caphtaoin suas agus cé a cásadh dó acht an cailín fostaidh a bhí ag Labhras. Chuaidh sé 'un comhraidh leíthe agus d'innis dí fá'n fháinne agus dubhairt leíthe da bhfuigeadh sí an fáinne go ndíolfadh sé go maith í. Dubhairt an cailín go ndeánfadh sí a dithcheall.Chuaidh sí isteach 'un toighe agus ar dhul isteach dí casadh inghean Mhic Suibhne dí. Chuaidh an cailín go dtí an dreisiúr agus fuair sí an fainne. Chuaidh sí amach agus thug do'n caphtaoin é. Thug seisean céad punt díthe agus d'imthigh sé fhad le Labhras. Anois, adeir Labhras caithfidh mise mo theach a fhágail."D'imthigh Labhras agus a bhean annsin, agus chuaidh an caphtaoin in a n-áit. Chuaidh an bheirt thart fríd Dhoire ag cruinniú a gcodach. Bhí siad lá amháin na suidhe amuigh ar charraig ar bhruach an locha agus iad ag piocadh slóic. Ní thearn Labhras acht a lámh a chur le n-a mhnaoi agus í a chathadh amach san loch. "Tusa" ar seisean, "ba cionntaigh le muid a bheith mar seo."Bhí mainte caimleat uirthi agus chongbhuigh sé í ar bharr an uige go dtí gur chuir an lán-mhara isteach ar chosta Innis Eoghain í. Suidh sí ar charraig annsin, go dtainic(continues on next page)
- Informant
- Tomas O Dubhthaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal