School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 23
- XML “Na Trí Duaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé leis arais agus níor bhfada go dtainig sé go dtí caisleán a bhí ar bhruach locha. D'iarr sé obair ar an rí agus tugadh obair do. Fear deas óg pléisiúrtha a bhí san rí.Lá amháin, nuair a bhí sé amuigh sa ghárradh chuaidh sé a amharc ar phioctúir bheag de chuid a dheirbhshiúire a bhí aige. Chonnaic an rí é agus chuir sé ceist air cé a bhí ins an phioctúir. Chuaidh an gasúr bocht a chaoineadh arais ag rádh gurbh' í a dheirbhshiúr a bhí ann.D'amharc an rí uirthi agus chonnaiceas do gurbh'é an pioctúir é ba fhíor-dheise da bhfacaidh sé ariamh. D'iarr sé ar an ghasúr sgríobhadh fa na coinne comh trugh géar agus thiocfadh leis, agus sgríobh an gasúr. Fuair an leas-mháthair an litir ach níor thaisbean sí do'n díleachta bocht ar chor ar bith í. Ghléas sí í fhéin go luath maidin lá thar na bhárach agus thug léithi a ingean fhéin le cois an díleachta. Chuaidh sí ar bórd luinge leobhtha agus nuair a bhí sí amuigh giota maith san fharraige chaith sí an díleachta thar bórd agus chaith trí siléoga 'na dhiaidh.Nuair a chuaidh an cailín bocht san uisge thionntuigh sí 'na lach fhiadhain. Nuair a shroich an leas-mháthair agus an ingean teach(continues on next page)
- Informant
- Anna Bean Mhic Amhalaidh
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal