School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 35
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann am amháin agus bhí sé comh bocht leis an deor. Lá amháin agus é ag dul fa choinne cliabh mónadh casadh triúr fear air.”
(continued from previous page)ar fhear an toighe díolacháin a fhághail ar-shon a dtearn sé.Thug fear aca giota éadaigh do agus d'iarr air an t-éadach a spréigheadh amach am ar bith a mbeadh ocras air; thug an dara fear buidéal do agus d'iarr air nuair a thiocfadh tart air an buidéal a chur ar an tábla; thug an tríomhadh fear bróg do agus d'iarr air scairtigh ar an bhróig nuair a bheadh sé i ngéibheann.D'imthigh siad agus ó sin amach bhí scoith áidh ar an fhear bhocht. Chuaidh an scéala amach fríd an tír, roimh bhfad, goidé fuair an fear. Níor b'fhada gur chualaidh an tighearna talaimh iomradh air agus maidin amháin, sul ar mhothuigh an fear, chuaidh cuid saighdiúirí an Tighearna isteach 'un toighe chuige agus thug leibhtha an buidéal agus an t-éadach agus d'imthigh leobhtha.Bhí an bhróg thuas i mbun na crúba agus is annsin a smaoitigh an fear ar an bhróg. Thug sé anuas í agus d'iarr uirthí cuidiú leis no go raibh sé i gcruadh-chas. leis sin fhéin thug saighdiúir i ndiaidh an tsaighdiúra eile léim amach as an bhróig go dtí go dtainic suas le míle amach aistí. Lean siad an t-arm eile. Ghread siad iad agus bhain daobhtha an buidéal agus an t-éadach agus thug an dá chuid don fhear arís. Ón lá sin amach bhí sé a sháith den tsaoghal go lá a bháis.Eanáir 1935Tomas Ó Duthaigh, Áird Mhín a d'innis.- Informant
- Tomas Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal