School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 65
- XML “An Madadh Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)feamhraigh d’a shúile, ach leig sé air fhéin go rabh sé ina chodhladh. Cuireadh an glas ar an doras. D’innis an bhean bhocht an sgeúl go h-iomlán do, ach níor leig sé air fhéin gur cualaidh sé í. Thainig an bhean ó gar maidin agus beilt leithe . Thug an bhean eile iarraidh teitheadh.
Chlis an buachaill suas as an tsuan , agus d’iarr ar an bhean óg an bheilt a thabhairt dó-san, no gur bh’é fhéin a b’fhearr a bhuailfeadh í. Fuair sé greim sgiathain ar an mhnaoí óig agus dubhairt –
“Bhí fhios agam fhéin nach tú a nigh an leine.”
Bhí sé ghá buaileadh gur mharbh sé í.
Chuaidh siadsan anonn ar an áth, agus thainig mise anall ar an chlochán. Báitheadh iadsan agus thainig mise sábhailte. “Sé an chulaith a fuair mise – bróga gloine agus stocaí bainne reamhair, bríste capógaí, bheiste slabhaic agus ceastur ime; dóirteadh na stocaí, briseadh na bróga, strócadh an bríste, d’ith mé an bheiste agus léigh an ceastar.Deireadh Fóghmair 1935- Informant
- Nóra Bean Uí Dhuirnín
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal