School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar loch a bhí ann agus gunna leis faoi n-a ascaill. Chuir sé ceist ar mhac an ríogh goidé bhí sé a dh’iarraidh. Dubhairt seisean leis go raibh sé a dh’iarraidh fastóidh. “Fan,” arsa’n fear, agus nuair a scaoilfeas mise na lachain fhiadhain atá ar an loch sin thíos dheánfaidh mé tú a fhastódh”
chuaidh sé síos go dtí an loch agus scaoil sé na lachain le haon urchar amháin. Annsin thainic sé aníos agus chuir ceist ar an óganach goidé ‘n tuarastal a bhí sé a dh’iarraidh. Dubhairt seisean gur fiche punt agus culaith éadaigh fa chionn bliadhna agus lae. Dubhairt fear a’ ghunna nach dtabharfadh sé sin do, “ach bheirfidh mé deich bpunta duit agus posta – tú bheith d’fhear gunna is fearr ar a’ domhan.” Dubhairt an stócach go ndeánfadh sin gnaithe agus d’imthigh sé leis an fhear.
Ní theachaidh an tríomhadh fear i bhfad gur casadh fear do agus a chluas leis an a’ talamh aige agus é ag éisteacht. D’fhiafruigh sé don ghasúr goidé bhí sé a dh’iarraidh. Dubhairt a’ gasúr go raibh sé a dh’iarraidh fastóidh. “Bidh do thost bomaite,” arsa ‘n fear, “tá dhá choileach a’ troid thall sa Fhrainnc go bhfeicidh mé cé’n coileach a bhainfeas” fa cionn tamaill labhair fear a’ fis arais agus dubhairt sé go raibh an troid thart. Annsin chuir sé ceist ar an ghasúr goidé ‘n tuarastal a bhí sé a dh’iarraidh. Dubhairt an gasúr gur(continues on next page)- Informant
- Paidí Ac Cumhaill
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Bun an Bhaic, Co. Donegal