School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 216
- XML “An Gearrán Bán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nigh sí í ach ní raibh sí ábalta an fhuil a ghlanadh dithe. Nuair a thainic an tráthnóna chuaidh sí a bhlighe na bó. Bhí an cat beag dubh ina shuidhe ag an doras.
“Tabhair damh braon báinne” arsa an cat.
“Ní thabhairfidh mé oiread agus deor de’n bhainne duit” arsa sise.
“Maith go leor.” arsa an cat.
Nuair a thainic an fáthach chonnaic sé an fhuil agus bhain sé an ceann duithe. Maidín lá thar na bharach thainic an Ghearrán Bán arais, agus chuaidh sé a ithe an choirce. Chuaidh an ingean a ba oige amach agus fód mónadh leithe.
Bhuail sí an Ghearrán Bán, ghreamuigh sise do fód na mónadh, ghreamuigh fód na mónadh don Ghearrán Bán agus d’imthigh an Ghearrán Bán leis go dtainic sé fhad le teach an fháthaigh.
Thug an fáthach isteach í agus thug sé na h-eochracha dithe agus d’iarr sé uirthí an dá sheomra dhéag a ghlanadh ach gan a dhul ins an cheann iochtarach. Ghlan sí na seomraí(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal