School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí ‘un toighe iad”
“Caidé is ciall le sin arsa'n Chliabh Cháinte “Tá,” arsa’n gasúr tá sí ag marbhughadh míola agus an méid míola a gheobhaidh sí fágfaidh sí na diaidh iad agus an méid nach bhfághann bheirfidh sí ‘un toighe iad. Dar leis an Chliabh Cháinte go raibh Mac A’Bháird é fhéin ins an bhaile nach mbéadh sé comh cliste sin agus go bhfuigheadh sé lámh an uachtar air. Dar leis fhéin go gcuirfeadh sé ceist eile air. An bhfuil an abhainn sin síos doimhin arsa’n Chliabh Cháinte ó maise níl sí doimhin arsa’n gasúr nó tá
cuid lachan mo mháthardha síos annsin ag snámh achan lá agus ní théigheann an d’uisge ach go dtí na mbolg ortha.
Chuaidh an Chliabh Cháinte isteach ins an abhainn ach ní rabh ann ach é nar báitheadh é. D’imthigh sé leis go dtí n-a theach fhéin ansin agus i gcionn cupla lá phill siad arais go dtí theach Mhic An’Bháird. Bhí an gasúr giota beag síos faoi’n teach ag buachailleacht “Cá bhfuil do chuid clisteachta indiu?” arsa’n Chliabh Cháinte. “Ó, tá,” arsa’n gasúr, “tá an chlisteacht ins an áit a raibh sí an lá fá dheireadh.”
Cuir amach anseo ar do bhois é má tá tú ag deánamh go bhfuil tú níos cliste na mise. Tá mé ag deánamh maise arsa seisean go bhfuil. Shílfinn go mbéadh duine ar bith níos gaiste nó tusa a ghiolla mhóir bhuidhe atá in do shuidhe i gcathaoir mhagaidh dá saithfeá(continues on next page)- Collector
- Maighread Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Cruach Phádraig, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Cruach Phádraig, Co. Donegal