School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 231
- XML “An Bheirt Dearthárach, Pádraig agus Mícheal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)eile dó. Léigh an sagart tamall eile agus dubhairt sé le Pádraig go raibh Micheal ag an doras. Bhal arsa Pádraig ma tá greim ag Micheal ar an laiste rachaidh sé isteach da aindeoin deireadh a bhfuil astoigh. Chuir Pádraig a lámh ar an punt as amach ar an doras.
Niall Ó Domhnaill, Agallaí, Clochán Liath a scríobh
Sgéalaidhe: Niall Ó Domhnaill, Agallaí, Clochán Liath a d’innis
Aois 78 bliadhan Scéal
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus ní raibh aca ach ingean amháin. Fuair an fear bás agus bhí droch dhóigh air an ghiorsaigh bhig.”
Scéal
Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus ní raibh aca ach ingean amháin. Fuair an fear bás agus bhí droch dhóigh air an ghiorsaigh bhig. Lá amháin chuaidh an mháthair amach a dh'obair agus d’iarr sí ar an ghiorsach an obair uilig a bheith deánta aice nuair a thiocfadh sí isteach. Nuair a d’imthigh an mháthair amach a d’obair, shuidh an ghiorsach ag taobh na teineadh agus ní thearn sí obair ar bith go dtainig an mháthair isteach. Bhuail an mháthair í nuair a tháinig sí isteach. Bhí mac Ríogh ag gabhail thart taobh amuigh de’n teach
Mhothuigh sé an caoineadh istoigh, chuaidh sé isteach agus chuir sé ceist ar an ghiorsaighe caidé a bhí uirthí agus dubhairt an mháthair go raibh sí comh maith sin ag obair agus gur b’eigean díthe í a bhualadh. D’iarr mac an Ríogh uirthí a dhul leis agus nach raibh mórán oibre le deánamh aige. Chuaidh an ghiorsach leis agus(continues on next page)- Collector
- Bríghid Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Seorsamh Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal