School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 232
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus ní raibh aca ach ingean amháin. Fuair an fear bás agus bhí droch dhóigh air an ghiorsaigh bhig.”
(continued from previous page)Nuair a shroich siad caisleán an ríogh bhí fáilte mhór ag an rí agus ag an bhainríogain roima. Maidin lá ar na bhárach, chuir an rí isteach i seomra í agus d’iarr uirthi an olann sin uilig a bheith cárdáilte aice nuair a thiocfadh siad-san arais ag luighe na gréine. Nuair a d’imthigh siad suidh an ghiorsach ag taobh na teineadh agus thoisigh sí a caoineadh. Fa dheireadh tháinig duine go dtí an doras, síl sí gurbh’ é an rí a bhí ann.
Chuaidh sí síos agus d’fhosgail sí an doras agus cé a bhí ann ach bean a raibh lámh mhór uirthi. Chuir an ghiorsach ceist uirthi caidé a tháinig uirthi agus dubhairt sí gur choinnigh a fear ag obair í go dteachaidh a raibh de fuil in a corp isteach ina láimh. Dubhairt sí leis an ghiorsach go ndeánfadh sí an obair díthe dá dtabhairfeadh sí cuireadh ‘na bainse díthe agus dubhairt an ghiorsach go dtabhairfeadh. Nuair a tháinig an Rí ‘un an bhaile tráthnóna bhí an obair uilig deánta ag an ghiorsaighe. Maidin lá ar na bhárach cuireadh an ghiorsach isteach i seomra agus h-iarradh uirthi an olann sin uilig a bheith sníomhtha aice nuair a thiocfadh siad-san arais ag luighe na gréine.
Nuair a d’imthigh siad shuidh an ghiorsach ag taobh na teineadh agus thoisigh sí a chaoineadh. Ba ghoirid go dtáinig bean go dtí an doras. D’éirigh an ghiorsach agus leig sí isteach í. Cé a bhí ann ach bean a raibh cos mhór uirthi. Nuair a tháinig sí isteach, chuir an ghiorsach ceist uirthi caidé a tháinig uirthi, agus dubhairt sí gur choinnigh a fear ag obair í go dteachaidh a raibh de fhuil in a corp isteach(continues on next page)- Collector
- Bríghid Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Seorsamh Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal