School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 236
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí siad ina gcómhnuidhe i dteach ceann-tuigheadh ar thaobh an róid. Bhí an bhean iongantach cliste agus bhí sí ábalta í fhéin a ghlanadh as gach trioblóid.”
Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí siad ina gcómhnuidhe i dteach ceann-tuigheadh ar thaobh an róid. Bhí an bhean iongantach cliste agus bhí sí ábalta í fhéin a ghlanadh as gach trioblóid.
Lá amháin bhí an seanduine amuigh ag baint cloch-aoil i bpoll a bhí ar thaobh an bhealaigh mhóir. Ní rabh sé i bhfad ag obair go gculaidh sé tormán éigin. D’amharc sé thart, ach ní fhacaidh sé dadaidh, ach gluaisteán a bhí ag teacht an bealach mór. Níor bh’fhada gur shroich an gluaisteán é agus go díreach nuair a bhí sé ag gabhail thart le na thaoibh thuit mála anuas o’n ghluaisteán.
Shiubhail an seanduine go dtí an mála agus athas an t-saoghail air. D’fhosgail sé an mála agus caidé a bhí istoigh ann ach croc óir. Chuir sé an mála ar a dhruim agus d’imthigh sé ag tarraingt ar an bhaile. Nuair a tháinic sé isteach chuir a bhean ceist air goidé bhí leis. “Ó, tá,” arsa seisean “mála óir a fuair mé caithte ar thaobh an bhóthair”
“Tabhair domh é,” arsa sise. Thug an sean-duine duithe é agus d’fhág sí suas ar an bhac an mála. “Anois,”
arsa sise, “caithfidh tusa a ghabhail na scoile amárach.”
Ar maidin lá ar na mhárach rinne an sean-duine réidh agus d’imthigh sé ‘na scoile. Tráthnóna lá ar na mhárach thainic peús isteach agus chuir ceist(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Informant
- Sorcha Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal