School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 247
- XML “An Dóigh a dTeachaidh Cormac Mac Airt chun na bhFlaitheas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé gur bh’eadh.
“Caidé an t-ainm atá ort?” arsa Pádraig.
“Cormac Mac Airt, b’ainm agus bá sloinne damh,” ars an sgáile.
“Is caidé a thug annseo thú?” arsa Pádraig.
“Tá mé marbh níos mó nó dhá chéad bliadhan agus ní fhaca mé Dia nó na Flaithis go fóill.”
“Ó, arsa Pádraig. “goidé bá chionntaigh é sin?
“Níor baisteadh mé arsa an sgáile,
“Óch, go cinnte,” arsa Pádraig d’fhág sin as na Flaithis thú mar atá tú. Ach anois bheirfidh mise ‘un tsaoghail arais thú ins an áit cheadna ina rabh tú ann. baisteochaidh mé thú, agus nuair a gheobhas tú bás arís annsin rachaidh tú go díreach ‘na bhFlaitheas.”
“An mbeidh sé orm an bás a fuilstín arís?” ars an sgáile.
“Go cinnte,” arsa Pádraig, “caithfidh tú an bás a fhuilstín arís.”
“más mar sin atá,” ars’ an sgáile, gcaithfinn sé dhul fríd phéin an bháis arís féarr liom fanacht mar tá mé ar an(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Fhirghil
- Gender
- Female
- Informant
- Dómhnall Ó Domhnaill
- Gender
- Male