School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seán agus Mac Domhnaill an ÓirBhí fear iongantach saidhbhir ins an domhan thiar aon uair amháin ar b’ainm do Domhnall an Óir. Nuair a bhí sé ag fághail bháis scairt sé ar an ghasúr a bhí ar fástódh aige a theacht chuige go raibh gnaithe aige leis. Ba é seo an rud a dubhairt Domhnall leis an ghasúr. “A Sheáin, tá cuig sheomra dhéag in mo theach, ach tá ceann amháin aca nach dtug leat é fhosgadh do mo mhac go deó. Anois tá mé sásta bás a fhághail ma geallann tú domh nach bhfosglochaidh tú an doras go bráth dó.”
“Ar ndóighe,” arsa Seán, “nach bhfuil a fhios agat go ndeánfadh mise an rud a iarrfas tú orm. Luigh Domhnall siar annsin agus fuair sé bás.
Trí mhí ina dhiaidh seo bhí Seán agus an mac ag siubhal fríd na seomraí uilig ag amharc ar na rudaí deasa a bhí ag Domhnall ionnta. Tháinic siad go dtí seomra amháin agus ba é seo an seomra nach raibh cead ag Seán a thaisbeáint dó. Nuair a chonnaic sé nach bfosglocadh Seán an doras do bhris sé féin an doras le tuagh goirid leathan. Caidé bhí astoigh ins an tseomra ach pioctúir cailín óg nach raibh a leithéid ar an domhan seo ariamh. Nuair a chonnaic sé an pioctúr thuit sé i laige ar an urlár. Fá chionn tamaill tháinig sé chuige fhéin agus d’innis sé dó go rabh an cailín seo ins an domhan thoir agus go rachadh siad fá n-a coinne ar bhéal maidhne(continues on next page)- Collector
- Maighread Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Cruach Phádraig, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Address
- Cruach Phádraig, Co. Donegal