School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 254
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí bean agus fear ann i bhfad ó shoin agus bhí siad an-bhocht. Níor ghnáthach leóbhtha bó ar bith a chongbhailt nó ní rabh biadh ar bith acu le na cothughadh.”
Bhí bean agus fear ann i bhfad ó shoin agus bhí siad an-bhocht. Níor ghnáthach leóbhtha bó ar bith a chongbhailt nó ní rabh biadh ar bith acu le na cothughadh. Bhí bean ó’n chomhursain ag tabhairt braon beag bainne daobhtha ag deánamh (ag deánamh ?) go rabh truaighe aicí daobhtha.
Tráthnóna amháin nuair a bhí an fear amuigh ag an doras chonnaic sé bó ag teacht anall fríd an uisge a bhí giota beag taobh shuas do’n teach. Nuair a thainic sí fhaid leis thug sí fa (fa?) dear gur mhaol deas buidhe a bhí inntí agus bhí cuid mhór bainne aicí.
Chuir sé isteach ‘un an bhoithigh í agus bhí sí iongantach cúramach aige fhéin agus ag an mhnaoi. Bhiodh gamhain aicí achán bliadhain go dtí go rabh an boitheach lán de ghamhna deasa buidhe cosamhail leis an bhuin.
Chuireadh siad amach ‘na caoráin í achan lá agus d’fhanochaidh sí amuigh go dtí an oidhche. Lá amháin tháinic an mhaol aníos an cabhsa agus í ag búirthigh. Chuaidh an bhean amach agus thiomáin sí síos an bealach mór aríst í. An dara lá tháinic an mhaol aníos arais agus í ag búirthigh.
Chuaidh (an bhean?) fear amach an lá seo fá choinne í a chur síos an cabhsa ach ní rabh sé ábalta. Chuartaigh sé thart fa’n teach fa choinne bata(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhómhnaill
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Sorcha Ní Dhómnhaill
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal