School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 310
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear bocht i dTír Conaill am amháin agus tráthnóna fuar sneachta amháin bhí sé amuigh leis féin agus ní raibh dul aige teach ar bith a fhághail ina bhfuigheadh sé fosgadh na h-oidhche, agus go díreach bhí sé ag brath suidhe síos ag bun binne nuair a t”
(continued from previous page)cinnte.
Nuair a chuaidh siad isteach bhí teinidh bhreagh sa teach agus cailín ruadh ina suidhe ag taobh na teineadh. Tháinic am luighe agus chuaidh an tine as, acht i n-áit i a coigilt ba é an rud a chuir fear a’ toighe cliabh mónadh uirthí. Bhí an fear bocht ag déanamh gur mar mhaithe leisean a bhí sé ag cur síos na teineadh, agus d’iarr sé air gan teinidh ar bith a chur síos dó-san. Dubhairt fear an toighe go raibh níos mó ná eisean ag dul a shuidhe go maidín.
Fa chionn tamaill chuaidh siad uilig a luighe acht an cailín ruadh agus an fear bocht. Nuair a bhuail an chlog an dó-dhéag, phreab an cailín ruadh ‘na seasamh agus léim isteach i lár na teineadh. Sheasuigh sí annsin go dteachaidh sí ina toit amach ar an t-simleór.
Scannruigh an fear bocht agus dar leis gur bh’fhearr do fear a’ toighe a mhuscgladh, acht le sin thainic sí isteach agus shuidh sí ag an teinidh go raibh sé an h-aon a chlog. Thug sí léithe rópa annsin agus cheangail sí do’n cupla é, agus chroch sí í fhéin, agus sa bhomaite chuaidh sí as amharc
Roimhe i bhfad thainic sí isteach agus shuidh sí ag an teinidh go raibh an dó a chlog. Thug sí léithe tubán uisce agus bháidh sí í fhéin. Thóg an fear bocht amach í agus d’fhág ina luighe ar an urlár í, fa chionn tamaill d’éirigh sí fhéin agus chuaidh sí a luighe.(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Antóin Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal