School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 347
- XML “Amhrán”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán (continued)
“Nuair a théihim-se síos bíonn míle fáilte romham”
(continued from previous page)Thart thiar.
I gConndae na Bainríoghaine an áit nach rabh mé le bliadhain
Macasamhail mó ghádh-gheal sáruigh domh fheiceáil ariamh
Ach a pioctúir amháin ar tháirne i gcionn Baile Athá CliathSgéalaidhe: Eibhlín Bhreatnach, Áirdmhín, Clochán Liath
Scríbhneóir: Máire Bhreatnach, Áirdmhín.(no title)
“Bhí gasúr ann aon uair amháin agus d'imthigh a mhuinntear go Mearica. Nuair a chuaidh a mhatháir go Mearica bhí sé beag. D'innis a mháthair mhór do goide mar bhí.”
Bhí gasúr ann aon uair amháin agus d'imthigh a mhuinntear go Mearica. Nuair a chuaidh a mhatháir go Mearica bhí sé beag. D'innis a mháthair mhór do goide mar bhí. Nuair a bhí sé ina stócach mhór d’imthigh sé a gcuartughadh agus rinne sé an dan seo:
1
Rinne mé smaoitiú in m’intinn, a chomhnigheas liom go cinnte,
Go leanfhainn fhéin mo mhuinntear anonn ‘un Oileain Úir,
Chuaidh mé ar bord luinge, gus d’imthigh mé ar bharr na dtonn,
Agus ní dhearn mé stad no ghearr, ghur shroich mé an t-Oilean Úr.
2.
Shiubhail mé fiche mile, gus níor tharluigh orm críostaidhe
Bó nó capallcaora dheanfadh inghilt ar an fhear,
Cloillte dtúit ‘s gleanntain, géimneach beathaigh allta,(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal