School: Cruit Island (roll number 16069)
- Location:
- An Chruit, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruit Island
- XML Page 55
- XML “Capall Niall Bhrighde”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear in a chomhnuidhe ar a Chruit dar b'ainm Niall Bhrighde. O'Baoighill an sloinneadh a bhí air.
Bhí capall aige agus ní rabh capall ar bith ins na trí paróiste ionchurtha leithe le gaisteacht. Bhí Niall in a seanduine san am acht b'eisean a bhíodh i gcomhnuidhe ag marcuidheacht uirthí ins na rasaí. Bhí sí iongantach críona agus nuair a leigidhena capaill ar shiubhal ins an rása ní rabh feidhm ag Niall lámh a leagaint ar an srian. Shílfea go rabh fhios aicí caide bhí le deánamh aicí agus ní racadh sí orlach ó'n cúrsa a bhí leagtha amach ar thráigh na Cruite. Bhí eolas mhaith aice ar an chursa ceadna no is iomdha rasa a bhain sí air. Bhain sí rasaí i n-áiteacha eile frínd an chonndae fosta i "bFalcarrach" agus ins na Cealla Beaga agus b'fheidir nach rabh an darna capall sa chonndae san am a bhuailfeadh í ins an rása. Deirtear ar scor ar bith nach rabh capall thart annseo o shoin a rabh leath go gasta leithí.
An "Fire Fly" an t-ainm a bhí uirthí. Deirtear nuair a bhíodh Niall ag teacht(continues on next page)- Collector
- Pádraig O Domhnaill
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Siubhan Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Béal na Cruite, Co. Donegal