School: Béal na Cruite (Belcruit) (roll number 5734)
- Location:
- Béal na Cruite, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Máire an t-SeachráinBhí Eamonn a Curráin agus a bhean Anna, go ndeanaidh Dia mhaith orra uilig na gcomhnuidhe thíos annso ar an Mullachdearg. Bhí án-dúil ag Eamonn choir bhéith amuigh le na ghunna ag seilg fa chladach agus is iomda mac-alla a bhain an gunna cheadna as sean bheanna an chladaigh an uair sin. Nuair a d'eirighead Eamonn tuirseach de bhéith ag ruaigeadh fa'n chladach bheireadh sé ruaig trásna loch Mhullachdearg anonn go Ailt Sheáin Uí Dhomhnaill ait a rabh cearca fraoich, lacháin, crochaigh[?] agus gearrfiadhacha go fairsing ann.Maidin amháin i dtús an fhoghmhair, deirigh Eamaonn le bánú an lae agus thug aghaidh ar an ailt. Maidin dheas chiúin bhí ann agus an ghrian go direach ag eirigh i gcúl na gcnoch nuair a shroic Eamonn an Ailt. Ar theacht do go bun na h-áilte, shiubhal sé leis go faithchillidhe mar ni rabh fhios aige caide'n bomaite a sgiordadh éan no gearrfiaidh no coinín thart. Síos cóis na locha bhí sé ag tarraingt nuair a tchí sé an tóirt na luighe imbeal sgealpaigh fa chupla shlat do imeall na locha.(continues on next page)
- Informant
- Máire Nic a Bhaird
- Gender
- Female
- Age
- 99
- Address
- Béal na Cruite, Co. Donegal