School: An Mhín Mhór (roll number 16342)
- Location:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Ó Breisléain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhín Mhór
- XML Page 50
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhuail sé nach rabh an bhéicfeach ag méadughadh ar an chrann go dtí gur rúid amach an chaora as an chrann. Lé méad is bhí sí faoi draoidheacht d’imthigh sí cómh luath agus gur chuir sí ionghantas ar Donn Ó Dubhthaigh ins an dóigh nár smao’itigh sé go luath ar chomhairle an chú. Nuair a chonnaic sé í cómhar ar suibhal. “Och chú mhóir an domhain thoir cá bhfuil tú anois?” ar seisean.
“Táim annseo, a bhodaigh, agus rinne tú feall orm”, ar sise.
Má bhí an chaora luthmhar leis an draoidheacht bhí an cú luthmar ó nádúir. D’imthigh an cú ar siubhal i na diaidh na caorach agus ní fada a bhí sí gur stróic sí ‘na giotaíbh í.
Acht leis an sgéal fada a dheánamh goirid d’éaluigh an lacha a bhí ‘sa’ chaoirigh gur mhar’uigh seabhac donn dorcha an domhan thoir an lacha, agus thuit an ubh san fhairge.
Ghlaoidh Donn Ó Dubhthaigh ar dhobharchú glasdhoimhin, agus chur an dobharchú a chionn roimhe agus chuaidh sé amach san fhairge, agus chuaidh sé síos go dtí’n gainimh, agus thainic se isteach agus an ubh leis in na bhéal, agus ins an am sin bhí an Crochaire Tarnocht ag éirghe i ndeas do Dhonn Ó Dubhthaigh.
“A Dhuinn Uí Dhubhthaigh fosgail do lámh dheas”,(continues on next page)- Collector
- Pádraic Ó Breisleáin
- Gender
- Male
- Address
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal
- Informant
- Muiris Ó hUiginn
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Ard an Rátha, Co. Donegal