School: An Mhín Mhór (roll number 16342)
- Location:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Ó Breisléain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhín Mhór
- XML Page 9
- XML “Scéaltaí Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí dochtúir ann aon uair amháin, a rabh mac aige mar adhbhar dóchtúra aige. Chuaidh sé ar cuairt ag (duine) tinn lá. I ndiaidh a bheith ag amharc ar an duine tinn dubhairt sé mar leannas:
"D'ith tú oisridhe," ar seisean.
"D'ith," ar sise.
"Anois," arsa an sean-dochtúir leithe. "Na h-ith iad feasta agus béidh tú slán."
Ar an mbealach abhaile dóibh d'fhiafruigh an cochtúir óg de'n t-sean dochtúir,
"Caidé mar bhí 'fhios agat gur ith sí na h-oisridhe?"
"Dhearc mé fao'n leabaidh agus chonnaic mé na blaosgacha," arsa seisean.
Lá amháin eile bhí fear tinn, agus cha dtiocfadh leis t-sean dochtúir dul dh'amharc air, is chuir sé an dochtúir óg chuige.
Ag teacht isteach ins an t-seomra a rabh an fear tinnann, dhearc sé faoin'n leabaidh agus chonnaic sé diallaidh agus srian.
"A dhune chóir, " arsa seisean leis an fhear tinn,
"D'ith tú gearrán,"
Shíl muinntir an tighe gur ag magadh faoi an fhear tinn a bhí sé, agus ruiagh siad amach as an teach é, agus chuir siad an madadh ina dhiaidh. Bhí fearg mhór ar an t-sean dochtúir nuair a chuala sé an(continues on next page)- Collector
- Eamonn Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Informant
- Pádraic Ó Breisleáin
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal