School: Tráigh Éanna (roll number 16030)
- Location:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
- Teacher: P. Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Éanna
- XML Page 137
- XML “Taibhsí, Rudaí Neamhshaolta, Comharthaí, An Bhean Sí”
- XML “Taiseanna na mBeo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An duine a fuair bás in Ola Dé agus na hEaglaise ní fheictear é. An te a fhághann bás tobann, bás le biotailte no an-bhás bhíonn eagla roimhe.
Tigean na muirbh arais ma ta a gach ag chuir buadhartha ortha, muna a bhfuil siad fa ruimhneas ar an tsaoghail eile no muna fhág siad achán rud socair na ndiaidh. Ar na saogaltacha deireannacha le a bhfuil de Aifrean da rádh ar shon na muirbh níl oiread dhá bfeicéal Na dhiaidh sin is uile is bheag a taitnigheann sé leis a béith amuigh leis fhéin indiaidh gabail o solus ma bíonn an oidhche dorcha.
Da dtiocfad de thaisme orm fhéin a bhéith amuigh bhéad lán mo cnaiceann d’eagla orm. Oidhche amháin gan siníd bréige a déanamh saoilim go rábh rud eiginteacht in mo aice. Sheasuigh an gruag orm cosamhail le cailleach na gcíor ann agus ní rabh ann acht é gur thuith mé as mo sheasamh.
Tá sé raidhthe uair a taisbean tadhbhse é féin do daoine a rabh croidhe lag aige. Chuala mé daoine a rádh go bfachaidh siad an té a d’imthigh acht nior dubhairt daoine liom go fóill go bfuair siad iospairt ó taidhbhse. Ar ndóighe ní ceart lámh a craitheadh leobhta. Ma deanann siad iarraid ar do lámh sín bata no rud eiginteacht cuca no deirtear go mbrisfidh siad do lámh. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.