School: Tráigh Éanna (roll number 16030)
- Location:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
- Teacher: P. Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Éanna
- XML Page 95
- XML “Seán agus Nóra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí siad ina suidhe go téith. Lá amháin, thug an fear iarraidh sparán an airgid a ghoid agus tháinig a bhean air. D'iarr sí air sin a fhágáil fá choinne na "coise tinne". Cúpla lá ina dhiaidh sin chuaidh an bhean na bhaile mór agus nuair a bhí sí ar shiubhal tháinig fear bacach isteach. Shiubhal an fear suas 'un a seómra agus thug anuas sparán an airgid. Shín sé chuig an fhear bacach é agus dubhairt leis go rabh sin fá choinne na "coise tinne". Bhí lúgthair an t-saogháil ar an fhear bhacach agus d'imigh sé leis an bhealáigh mhór. Nuair a tháinig a bhean na bhaile ar an bhaile mór bhí fearg mhillteanach uirthi leis an fhear cionnas go dtug sé an t-airgead don fhear bhacach. Dubhairt sí leis fostá go gcaithfead siad imtheacht ar bhéal locha maidhne na na rabh airgead ar bith acú le iad a chongbháil ag ghabháil. D'éirigh siadh go luath ar maidín lá thar na bhárach agus d'imhthigh leóbhta. D'iarr an fear ar an bhean an doras a tharraingt amach na diaidh. Thóg an bhean an doras léithe ar a gualainn. "Cáide thug ort an doras a iomchar leat mar sin?" Arsa an fhear. "Nar iarr tú orm an doras a tharraingt mo dhiaidh arsa an bhean".(continues on next page)
- Collector
- Aodh Ó Canann
- Gender
- Male