School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bionn daoine i n-a shuidhe thart áit éiginteacht, ag an teinidh no amuigh sa pháirc. Béidh duine i n-a sheasamh os a gcomhair agus cnaipe i n-a lámh aige.
Rachaidh sé ag gach aon duine agus cuirfhidh sé an lámh a bhfuil an cnaipe ag ann ag taobh lámh an duine atá i n-aici leis, agus déirfidh sé “seo agat cnaipe agus cumhdaigh go maith é”. Bféidir nach dtabharfhadh sé an cnaipe do’n duine sin ar chor ar bith. Bhéir sé an dcnaipe do duine éigin i gcomhnuidhe.
Iarrfhaidh an fear a bhfuil an tslat aige ar dhuine ‘inteacht, “ce aige a bhfuil an cnaipe”. Caithfidh an duine ar chuir sé an céist air duine eile a ainmneadh a sileann sé go bhfuil an cnaipe aige. Muna mbíonn sé ceart gheobhaidh sé buile dé’n tslat.(continues on next page)