Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá comhaireamh agus cead bliadhain ó shoin, tháinig sagart (úr) coimhigtheach go pobal Cheann-Caslach. Tógadh sá taobh thoir de’n chondae é agus dá bhrigh sin ní rabh sé [cleachuighthe]? leis an iargcúltacht. Bhí sé de’n bháramhail go rabh bunadh na sléibhteach agus na mbeann leath i bhfiadháin.
An chead domhnach eile, bhí teach an phobhail lán go dorais. Bá é an t-sean teach an phobal a bhí ann san am. Tamhall bliadhantach na diaidh (diad) sin, rinneadh teampoll úr, san am a dtáinig an Silesia isteach ún an cósta seo sa bliadhain 1856. Thart fán (am) t-sean teach an phobail a tógadh an t-arus úr. Nuair a cuireadh dían air leagadh an t-sean teach caitheadh amach na clocha ar an fhuinneoig, agus chuireadh balla thart ar an roilic leobhtha.
Acht ba é -an saghart choimhightheadh - adhbhair ar gcomhraidh, agus an chead domhnach a léighidh sé aifreann ar Altar na Rosainn Iochtarach. Nuair a bhí an t-aifreann thart thionntuigh sé a aghaidh ar an phoball agus dubhairt leo’s
“A phoball dé dheánfainn seanmhaoin
díbh, da meosain go dtuigfeadh sibh mé”
D’éirigh seanduine liath na sheasamh i lár an chruinnighthe agus labhair sé go fadalach ciún siosmaideach -
“A Shagart de ma gnid sibh seanmaoin
fa’n chreideamh, tuigfimid í agus ma gnid
sibh seanmoin fa dia mólfaimid é”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Doiminic Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Micí Bán Ó Domhnall
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Croich Uí Bhaoill, Co. Donegal