School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 167
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear agus bean ann aon am amháin agus bhí mac acu. Oidhche amháin bhí brionglóid ag an fhear agus shíl sé go bhfaca sé sgáifte sídheóg.”
Sgéal.
Bhí fear agus bean ann aon am amháin agus bhí mac acu. Oidhche amháin bhí brionglóid ag an fhear agus shíl sé go bhfaca sé sgáifte sídheóg agus iad ag iarraid cloch mhór a thógailt a rabh mála óir fuithe. Shíl sé fósta go gcualaidh sé iad ag cainnt fa dtaobh do féin agus gur dhubhairt siad mura mbéadh an chloch tógtha roimhe leath uair eile aca go gcaitheadh siad é a fhágailt aige fhéin.
Mhusgail an fear as an bhrionglóid seo agus d’éirigh sé i n-a shuidhe go gasta Nuair a thainig sé go dtí an áit a táisbeanadh do sa bhrionglóid tháinig rud ‘in teacht ar a shúile agus ní thiochad leis dadaí a fheicheáil. Ach nuair a bhí an leath uair caithte chonnaic an fear maith go leor agus chonnaic sé fear i n-a sheasamh taobh leis an cloich mhór. Chuaidh an fear ‘uig an chloch agus chuir sé ceist ar an fhear bheag caide bhí faoi an chloich. Dubhairt seisean gur mála óir(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Laodhóg
- Gender
- Female
- Informant
- Séaghan Mac Cnáimhsíge
- Gender
- Male
- Age
- c. 72
- Address
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal