School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 184
- XML “Scéal a Dó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal a Dó
“Bhí fear amuigh oidhche amháin agus casadh sluagh mór sídheógaí air.”
Sgéal a dó:-
Bhí fear amuigh oidhche amhain agus casadh sluagh mór sídheóghaí air.
D'iarr siad air teacht go Connachta leobhtha; dubhairt sé nach raibh capall ar bith aige agus dubhairt an rí go bfuigheadh siad capall do agus nuair a d'amharc sé thart bhí capall annsin ag fanacht air. D'imthigh siad leobtha go dtáinig siad go Connacht. Bhí sídheógaí eile ag fanacht ortha.
Dúbhairt an t-oifigeach dá mbainfeadh siad an cath go dabharfadh siad airgead do; acht mura mbainfeadh go mbéadh sgéal eile le h-innse.
Bhain siad an cath agus tháinig siad 'un an bhaile airís. Líon siad a gcuid pocaí le h-óir agus d'imthigh siad.
Nuair a d'amharc an fear thart bhí sé ag marcaidheachtar bufalán buidhe agus bhí a cuid pocaí líonta de bláthanna áiteanna.Nóra Ní Laodhog a scríobh.- Collector
- Nóra Ní Laodhog
- Gender
- Female
- Informant
- Siubhán Ní Dhómhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Na Rosa, Co. Donegal