School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 188
- XML “Scéal a Dó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal a Dó
“Bhí sean bhean 7 a mac ina gcomhnuidhe i dteach bheag uair amhain. Bhí an mac ar shiubhail gach aon oidhche ag imirt chardaí. Bhí an bhean ina luighe ins an leabhaidh 7 ní rabh sí ábalta éirghe.”
Sgéal a dó:-
Bhí sean bhean agus a mac ina gcomhnuidhe i dteach bheag uair amhain. Bhí an mac ar shiubhail gach aon oidhche ag imirt chardaí. Bhí an bhean ina luighe ins an leabhaidh agus ní rabh sí ábalta éirghe. Bhí beagan airgid aici. Gach aon oidhche thiocfadh an mac chuici ag iarraidh cupla scilling uirthí. Dubhairt an bhean leis. Dá dteigheadh sé ‘un tsiopa agus arán a ceannacht díth go dtabhairfeadh sí airgead do “Maith go leór” arsa an mac acht nuair a fuair sé an t-airgead d’imthigh sé leis agus níor phill sé go maidín. Rinne sé an cleas ceadhna an oidhche in a dhiaidh sin acht nuair a phill sé bhí ocras air. Chuaidh sé isteach ‘un toighe agus d’amharc sé thart acht ní rabh a mháthair le fagháil.
Ní rabh fhios aige caidé a bhfearr do a dheánamh. Chuaidh sé a luighe. Indiaidh tamaill tháinig tormáin go dtí an doras agus tháinig sluagh de daoine beaga isteach. Thug siad amach é agus chaith siad isteach i bpoll mhór é.
Tháinig sé amach arais agus chaith siad isteach arais agus caith siad isteach é. “Anois” arsa siadsan. Tabhair aire do do mhathair nó tiocfaidh muid arís. D’amharc sé thart acht ní thiocfaidh leis a dhath a fheiceál. D’éirigh sé agus chuaidh sé isteach ‘un toighe, luigh sé ag an teinidh, nuair a d’éirighe sé ar maidín, bhí a mháthair ina luighe ins an leabaidh. Indiaidh sin thoisigh sé ag obair agus thug sé aire mhaith do a mháthair. Indiaidh támaill bhí a mhathair abálta éirghe agus an obair a dheánamh í fhéin.- Collector
- Nóra Ní Laodhóg
- Gender
- Female
- Informant
- Maolmuire Ua Cnáimhsighe
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Baile na Carraige, Co. Donegal