School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 203
- XML “Scéal”
- XML “Scéal a Dó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé ag baint cloch aagus thóg sé ceann amháin agus bhí fuil air. Nuair a chonnaic sé seo chuir sé isteach san áit ceadhna agus trí seachtmhain i n-a dhiaidh sin d'imthigh an ghruag de.”
Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé ag baint cloch agus thóg sé ceann amháin agus bhí fuil air. Nuair a chonnaic sé seo chuir sé isteach san áit ceadhna agus trí seachtmhain i n-a dhiaidh sin d'imthigh an ghruag de. Níor fhás greim gruaige air o shoin.
Ní rabh fhios aige cáide b'fhearr do a dhéanamh. Chuaidh sé go dtí áit eile agus faoi an chead chloch a bhain sé, fuair sé giota de thobac agus thug sé leis é. Nuair a thug sé an chéad tarraingte ar an phíopa fuair sé bás.- Informant
- Niall Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal
Scéal a Dó
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí siad iongantach bocht agus tainig duiné de lucht sidhe isteach agus dubhairt sé gach aon mhaidín dhul go dtí an poll agus go bhfuigheadh sé airgead a chuideóchadh leis.”
Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí siad iongantach bocht agus tainig duiné de lucht sidhe isteach agus dubhairt sé gach aon mhaidín dhul go dtí an poll agus go bhfuigheadh sé airgead a chuideóchadh leis. An maidín seo d'éirigh sé go luath agus agus chuaidh sé go dtí an poll, agus fuair(continues on next page)