School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 293
- XML “Tobar na Faoileoige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí go maith go rabh an sagart ag guidhe lá amháin ag an tobair agus an fearthainn ag tuitim go trom. D’amharc an sagart suas agus chonnaic sé an t-eán deas ag teacht anuas fhad leis. Shíl sé gur colman a bhí ann, acht cáide bhí ann acht a faoileóg fhéin. Fuair sé greim uirthí agus bhí sé ag dul a thionntughadh ‘un n-a bhaile nuair a léim an faoileóg as a lámha agus shuidh sé ar chrann a bhí os cionn an tobair.
Nuaira léim an t-éan as a lámha thuit rud éigin ar an talamh, agus cáide bhí ann acht nóta beag agus cloch istoigh ann. Seo an rud a bhí scríobhtha ar an nóta. “Tá an tobar seo beannuighthe agus thig le duine ar bith turas a dheánamh aige. Má bhíonn aicid ar bith ar an duine, béidh biseach air. Acht ní bhéidh an turas críochnuighe go dtéidh tú go tobar Chonaill i nDoire Leach Chonaill”.
Bhí “Sruth olaibhirt” scríobhtha ar an chloch bheag.- Collector
- Nóra Ní Laodhóg
- Gender
- Female